Skip to main content

Ceisteanna Coitianta

An Clár um Shainroghanna Teagmhála

Céard é an Clár um Shainroghanna Teagmhála?

An príomhfheidhm atá ag an gClár um Shainroghanna Teagmhála ná teagmháil a ligean idir ball teaghlaigh a bhaineann uchtú leo.

Úsáidtear an Clár chomh maith chun rogha teagmhála a thaisceadh, iarratas do phríobháideachas ina measc.

Tá an rogha ag iarrthóirí eolas a roinnt a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do bhall teaghlaigh, cosúil le eolas leighis nó cúlra.

Is féidir le hiarrthóirí earra a thaisceadh (litir, grianghraf, srl) do dhuine sonraithe, agus tabharfar an earra sinn don dhuine sonraithe sin má ghlacann siad ballríocht sa chlár nó má tá siad ina ball den chlár cheana.

*Ag teacht lena n-oibleagáid dhlíthiúil, déanfaidh an t-Údarás Uchtála seisiún eolais le duine sonraithe nuair atá rogha gan teagmháil roghnaithe ag a dtuismitheoir. Cuirfidh an t-Údarás Uchtála ceart chun príobháideachta an tuismitheora in iúl don duine sonraithe agus léireoidh siad cinneadh an tuismitheora gan teagmháil a dhéanamh.

Le do thoil bí ar d’ardaill, má roghnaíonn tú rogha gan teagmháil tá seans go mbeidh teagmháil déanta leat níos déanaí maidir le hiarratas rianaithe. Braitheann sé seo ar an nduine sonraithe ar d’iarratas CST agus cé acu a shocraíonn siad nó nach sochraíonn siad leas a bhaint as a gceart chun rianaithe a dhéanamh.

Ghlac mé ballríocht sa Chlár Náisiunta um Shainroghanna Teagmhála Uchtála (CNSTU) cheana, an ceann nua é seo? An bhfuil orm ballríocht a ghlacadh arís?

Má ghlac tú ballríocht sa CNSTU cheana níl gá ort ballríocht a ghlacadh arís. Aistreofar an t-eolas go léir ar an CNSTU faoi láthair go dtí an CST nua. Ciallaíonn sé seo go mbeidh na sonraí go léir a thug tú dúinn cheana ar an CST, do sheoladh, roghanna teagmhála agus sonraí an bhaill teaghlaigh atá tú ag lorg.

Má tá tú ag iarraidh na sonraí nó na roghanna teagmhála a thug tú don CNSTU cheana a uasdátú, beidh ort foirm iarratais CST nua a líonadh agus a sheoladh go dtí an t-Údarás Uchtála. Ba chóir go mbeadh cóip d’aitheantas fótagrafach, cosúil le pas nó ceadúnas tiomána, san áireamh leis an bhfoirm iarratais líonta. Chomh luath is a fhaighimid an fhoirm líonta agus CA, aithneoimid go bhfuil d’iarratas faighte againn agus uasdátóimid do shonraí dá réir sin.

Céard a tharlóidh d’iontrálacha ar an gClár Náisiúnta um Shainroghanna Teagmhála Uchtála?

Forálann Mír 42 den Acht um Eolas Breithe agus Rianaithe 2022 go mbeidh na hiontrálacha go léir ar an gClár Náisiúnta um Shainroghanna Teagmhála Uchtála faoi láthair aistrithe go dtí an gClár um Shainroghanna Teagmhála nua. I ndiaidh an aistrithe agus tar éis tréimhse sé mhí, beidh an Chlár Náisiúnta um Shainroghanna Teagmhála Uchtála scriosta.

Ciallaíonn sé seo go mbeidh na hiontrálacha go léir ar an gClár Náisiúnta um Shainroghanna Teagmhála Uchtála fós bailí, agus ní gá duit do rogha a chlárú arís. Moltar é a dhéanamh, áfach, má athraíonn do rogha, nó chun d’eolas agus sonraí teagmhála a uasdátú.

Cén áit a fhaigim an fhoirm iarratais don CST?

Is iomaí bealach a féidir leat ballríocht a ghlacadh sa CST.


Is féidir leat an fhoirm iarratais a chríochnú ar line (is féidir leat é a fháil anseo)
 

Is féidir leat leagan PDF den fhoirm iarratais (is féidir leat é a íoslódáil anseo) a chríochnú agus a sheoladh trí ríomhphost.
 

D’fhéadfadh an leagan seo a phriontáil freisin agus é a sheoladh go dtí an t-Údarás Uchtála
 

Is féidir leat iarratas a dhéanamh do chóip chrua a sheoladh go dtí seoladh sonraithe trí ríomhphost go dtí an t-Údarás Uchtála ag an ríomhphost thíos: records@aai.gov.ie 

An mbeidh m’eolas roinnte fiú má chláraím rogha ‘gan teagmháil’ ar an gclár?

De réir théarmaí den Bhille um Eolas Breithe agus Rianaithe, tá an ceart ag uchtaithe teacht ar eolas faoina mbreithe, óige agus cúram, cóip dá mbunteastas breithe san áireamh. Ciallaíonn sé seo go mbeidh teacht ag na huchtaithe go léir ar eolas stairiúil maidir lena gclann – ainmneacha, seoltaí agus eolas cúlra san áireamh.

Is cearta reachtúla é rochtain an eolais seo agus scaoilfear é beag bean ar rogha ‘gan teagmháil’ atá cláraithe ar an CST. Muna bhfuil rogha ‘gan teagmháil’ cláraithe ar an CST, áfach, déanfaidh an tÚdarás Uchtála teagmháil leis an duine sonraithe ainmnithe ar an bhfoirm iarratais agus iarrfaidh siad orthu meas a thaispeáint do phríobháideachas an iarrthóra a chuir isteach an rogha ‘gan teagmháil.’

Cé atá incháilithe chun ballríochta a ghlacadh sa CST?

Is liosta é seo a leanas de na daoine gur féidir leo ballríocht a ghlacadh sa CST:


Duine uchtaithe (uchtú aitheanta go dlíthiúil)


Duine a rinneadh cúram dóibh/a raibh seolta amach/fágtha i mbaile altrama

Duine a chaith ama i dTeach Máthair & Leanbh nó institiúid eile (b’fhéidir go raibh sé roimh uchtú foirmiúil nó neamhfhoirmiúil agus tá máithreacha agus páistí san áireamh).
 

Duine uchtaithe go mídhleathach (nuair a raibh breith cláraithe go mídhleathach agus níor tharla uchtú foirmiúil)
 

Máthair nó Athair de dhuine uchtaithe (nuair a chuir ceachtar dá dtuismitheoirí páiste suas le huchtú nó i socrú cúraim).
 

Deirfiúr nó Deartháir de dhuine uchtaithe (nuair atá deartháir nó deirfiúr curtha suas le huchtú go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil).
 

Seantuismitheoir, aintín, uncail nó col ceathrair den dhuine uchtaithe (nuair atá gaol curtha suas le huchtú go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil).

Tuismitheoir uchtála de pháiste uchtaithe faoi 18 

Tuismitheoir uchtála de dhuine/pháiste uchtaithe atá marbh
 

Cara de theaghlach an uchtaí nó máthair/athair atá marbh

Dá mbeinn curtha le gaol ar an gclár, céard a tharlóidh ansin?

Dá mbeadh beirt iarrthóir curtha le chéile ar an CST, déanfaidh an comhlacht leis an gcomhad ábhartha (an t-Údarás Uchtála nó Tusla) i teagmháil leis an mbeirt agus cuirfidh siad iad ar an eolas faoi. Beidh an rogha tugtha don bheirt seirbhís idirghabhála a fháil más gá.

An Reachtaíocht

Céard é an tAcht um Eolas Breithe agus Rianaithe 2022?

Ligeann an tAcht um Eolas Breithe agus Rianaithe 2022 do cheart rochtana soiléir do theastais breithe, eolas breithe agus óige do gach duine uchtaithe, daoine seolta amach, daoine ag baint le clárúchán bre the mídhleathach nó daoine le ceisteanna maidir lena mbunúis.

Céard é clárúchán breithe mídhleathach?

Bíonn ‘clárúchán breithe mídhleathach’ i gceist nuair a tharlaíonn ceann nó dhá de na rudaí seo a leanas:

Cuirtear ainm an duine nach bhfuil an tuismitheoir fola ar an gclár breithe mar thuismitheoir den pháiste;

Ní chuirtear ainm an mháthair den pháiste ar an gclár breithe mar mháthair an pháiste.
 

Céard atá i gceist le ‘duine ábhartha’?

Úsáidtear an téarma ‘duine ábhartha’ sa reachtaíocht chun uimhreach leathan de dhaoine a chlúdach; daoine uchtaithe, daoine seolta amach, daoine a rinneadh cúram dóibh nó daoine a bhain le clárúchán breithe mídhleathach agus daoine a rugadh in Institiúd Máthair agus Leanbh nó Teach Chontae.

An láraítear taifid leis an Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe 2022?

Tá gealltanas déanta ag an Rialtas Ionad Cuimhneacháin agus Taifid Náisiúnta a chruthú agus de bharr an ghealltanais níos leithne seo, níl an tAcht ag iarraidh larú riachtanach na dtaifead a sholáthar. Soláthraíonn sé córas, áfach, a aistríonn taifid ábhartha ó dhuine nó foinse eolais thánaisteach go dtí an t-Údarás Uchtála ag treoir na hÚdaráis. Ligeann Cuid 38 (6) don Údarás machnamh a thabhairt d’aon leid go bhfuil an taifead i gcontúirt nuair atá siad ag eisiúint treorach éigin.

Céard atá i gceist le foinse eolais thánaisteach?

Soláthraíonn an tAcht um Eolas Breithe agus Rianaithe 2022 go bhfuil oibleagáid ar fhoinse eolais thánaisteach aon thaifid ábhartha atá acu a choinneáil agus a chaomhnú. Nuair atá treoir tugtha dóibh ón Údarás Uchtála, beidh orthu ráiteas a thabhairt go dtí an t-Údarás a léiríonn cineál, suíomh reatha, agus staid na dtaifead ábhartha i gceist. Is féidir leis an Údarás aistriú na dtaifead dóibh a threorú nó is féidir leis an bhfoinse eolais thánaisteach iarratas a dhéanamh go mbeidh na taifid aistrithe.

Ainmnítear na daoine seo a leanas mar fhoinsí eolais thánaisteacha san Acht: 

an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánphártaíochta agus Óige;
 

an tAire Oideachais;
 

an tAire Gnóthaí Eachtracha;

an tAire Sláinte;
 

an rialaitheoir sonraí den chartlann RTIA;
 

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte;

sochaí uchtála chláraithe;


comhlacht creidiúnaithe duine éigin leagtha síos faoi Chuid 43 (2)

Conas a chuirtear isteach ar mo chearta RGCS?

Chun scaoileadh faisnéise faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe 2022 a chumasú, cuireann alt 68 roinnt srianta ar chearta agus oibleagáidí áirithe faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint
Sonraí (RGCS).
 

Is iad na hailt atá srianta:


Airteagal 14 - an oibleagáid gur cheart do rialaitheoir sonraí faisnéis a sholáthar don duine is ábhar do na sonraí i gcás nach bhfuarthas sonraí pearsanta ón duine is ábhar do na sonraí
Airteagal 18 - an ceart chun próiseáil a shrianadh
Airteagal 21 - an ceart agóid a dhéanamh

Tá tuilleadh eolais maidir le cén fáth a bhfuil srianta ar na hailt seo ar fáil ar an leathanach faoin reachtaíocht
 

An ceart iarratas duine ar a shonraí a bheith ag duine (Airteagal 15) agus an ceart chun ceartúcháin a dhéanamh (Airteagal 16)
 

Níl aon srian ar cheart Airteagal 15 chun iarratas duine ar a shonraí a dhéanamh agus ar cheart Airteagal 16 chun ceartúcháin a dhéanamh. Is féidir le duine is ábhar do na sonraí leanúint d’iarratais a dhéanamh de bhun na gceart sin chuig an rialaitheoir sonraí a shealbhaíonn na taifid.

 

Más tuismitheoir thú agus má chreideann tú go bhfuil an fhaisnéis atá i dtaifead mícheart nó neamhiomlán, is féidir leat iarratas a dhéanamh go díreach chuig an rialaitheoir sonraí faoi Airteagal 16 den GDPR - an ceart chun ceartúcháin.
 

An ceart chun Scriosadh (Airteagal 17 RGCS)

Ní bhaineann an ceart chun scriosadh le sonraí faoin Acht.
 

Braitheann an tAcht ar fhaisnéis atá i láthair ar thaifid a scaoileadh agus tá an cumas sonraí a scriosadh contrártha leis sin. Leagtar amach san Airteagal 17(3) na díolúintí nach bhfuil feidhm ag an gceart chun scriosadh leo agus tá feidhm ag an díolúine atá leagtha amach i 17(3)(b) maidir le sonraí faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022.

I gcás ina dtagann duine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoi mhíchruinneas, féadfar iarratas de bhun Airteagal 16 ceart chun ceartúcháin a dhéanamh chuig an rialaitheoir sonraí.

Ag teacht ar eolas breithe

Cé a d’fhéadfadh iarratas a dhéanamh do thaifid faoin Acht?

Soláthraíonn an tAcht um Eolas Breithe agus Rianaithe 2022 rochtain na dteastas breithe, eolas breithe, íomhánna, eolas na hóige, eolas cúraim, eolas leighis agus earraí soláthartha do na daoine a leanas os cionn 16 bliana d’aois:

  • duine uchtaithe
  • duine atá nó a bhí ina ábhar do chlárú breithe mídhleathach
  • duine a rinneadh cúram dóibh nó a raibh seolta amach
  • duine in amhras/a cheap le forais réasúnacha gur rinneadh cúraim dóibh/go raibh siad seolra amach
  • duine éigin nach dtiteann sna catagóirí thuas ach a raibh ina gcónaí mar pháiste in Institiúd Máthair agus Leanbh nó Teach Chontae luaite i sceideal 1 den Scéim Ghinearálta den Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe 2022

Céard a tharlaíonn muna bhfuil ainm na gníomhaireachta a láimhseáil m’uchtú are olas agam?

Muna bhfuil ainm na gníomhaireachta a láimhseáil d’uchtú ar eolas agat, seol ríomhphost chuig Údarás Uchtála na hÉireann, Aonad Eolais agus Taifid le haghaidh cúnamh:
 

Ríomhphost: records@aai.gov.ie
 

Le do thoil dean cinnte go bhfuil aitheantas fótagrafach ceangailte le do ríomhphost, pas nó ceadúnas tiomána mar shampla.

Nílim cinnte an raibh mé uchtaithe go foirmiúil, cén chaoi a bhféadfainn a fháil amach?

Muna bhfuil tú cinnte go raibh ord uchtála foirmiúil déanta duit, seol ríomhphost le do thoil chuig Údarás Uchtála na hÉireann, Aonad Eolais agus Taifid le haghaidh cúnamh:
 

Ríomhphost: records@aai.gov.ie

Le do thoil dean cinnte go bhfuil aitheantas fótagrafach ceangailte le do ríomhphost, cosúil le pas nó ceadúnas tiomána.

Cén áit a choimeádtar mo thaifid?

Is féidir leat fáil amach an bhfuil taifid i seilbh Údarás Uchtála na hÉireann nó Tusla ach cliceáil anseo

Cén cineál eolais atá ar fáil?

Faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe 2022, beidh daoine ábhartha i dteideal rochtain a fháil ar theastas breithe, ar fhaisnéis bhreith, luathshaol, chúram agus ar fhaisnéis leighis, agus nuair is infheidhme ar fhaisnéis a bhaineann le clárú mídhleathach breithe. Beifear in ann rochtain a fháil freisin ar fhaisnéis leighis faoi ghaol géiniteach agus ar aon nithe a d’fhéadfadh a bheith fágtha duit. 

Áirítear le Faisnéis Breithe:

  • Dáta, áit agus am breithe an duine
  • Gnéas sannta an duine.
  • Céadainm(neacha) agus sloinne an duine.
  • An céadainm(neacha), sloinne, sloinne breithe, seoladh, slí bheatha, dáta breithe, agus nuair is cuí, iarsloinne mháthair an duine, agus sloinne breithe mháthar an máthar.
  • An céadainm(neacha), sloinne, sloinne breithe, seoladh, slí bheatha, dáta breithe, agus nuair is cuí, iarsloinne athair an duine, agus sloinne breithe mháthair an athar.
  • Grianghraf de thuismitheoir.

Áirítear le faisnéis Luathsaoil:

  • Cá raibh cónaí air nó uirthi, agus cad iad na dátaí. Eolas ar a mbaisteadh, nó ar aon searmanas spioradálta nó reiligiúnach eile dá shamhail, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do: Dáta agus ionad an tsearmanais
  • Teastas baiste (nó doiciméad coibhéiseach maidir le searmanas difriúil)
    Iontráil i gclár baiste (nó doiciméad coibhéiseach maidir le searmanas difriúil)
  • A meáchan breithe
  • Grianghraf den duine.
  • Eolas ar a sláinte, a bhforbairt fhisiciúil nó mhothúchánach
  • Eolas ar aon chóireálacha leighis, gnáthaimh nó vacsaíniú. 
  • Eolas ar cé chomh fada agus a d’fhan a mháthair bhreithe leis nó léi san áit chónaithe chéanna.
  • Faisnéis maidir le cibé ar fhág an duine agus a mháthair bhreithe a gcéad áit chónaithe (m.sh. Áras Máithreacha agus Naíonán) go leithleach nó le chéile.
  • Faisnéis faoi chuairteanna, faoi chumarsáid, nó faoi fhiosrúcháin ó aon duine, lena n-áirítear an gaol leis an duine agus a (h)ainm nuair atá sé ar fáil.
  • Faisnéis maidir le haon socruithe le haghaidh uchtaithe, lena náirítear ainm an duine a rinne an socrú.
  • Faisnéis maidir le haon uchtáil a tharla, lena n-áirítear ainm gach tuismitheora uchtála

 

Áirítear le faisnéis chúraim:

  • Ainm an duine a thug aire don duine ábhartha mar chuid de shocrú cúraim.
  • D’fhéadfadh go gcuimseodh sé seo:
  • Ainm an duine atá i bhfeighil forais nó cuid d’institiúid;
  • Ainm duine dár cuireadh duine ar bord nó ar altraí dó; 
  • Ainm na dtuismitheoirí cúram altrama a thug leanbh ar altram sular uchtaithe iad.
  • an suíomh inar cuireadh an cúram sin ar fáil;
  • An fad ama ar tugadh cúram don duine ag láthair ar leith;
  • Ainm aon duine a shocraigh go ndéanfaí an duine iomchuí a chur faoi altranas nó a chur ar lóistín nó a altramú sular uchtaíodh iad nó sular chónaigh sé/sí in institiúid.

Áirítear le faisnéis leighis:

  • aon fhaisnéis a bhaineann le stair liachta an duine féin, lena náirítear vacsaínithe a tugadh nó faisnéis faoi thrialacha vacsaínithe
  • Ciallaíonn faisnéis leighis faoi Ghaol Géiniteach faisnéis atá laistigh de thaifead, nuair: 
  • a bhaineann an fhaisnéis le riocht míochaine géiniteach nó oidhreachta, agus; 
  • atá sé ábhartha chun sláinte an duine ábhartha a chothabháil

 

Áirítear na míreanna a chuirtear ar fáil:
 

aon mhír atá i seilbh na Gníomhaireachta nó an Údaráis, agus a sholáthair tuismitheoir, cúramóir nó ball teaghlaigh ábhartha eile.
D'fhéadfadh an mhír a bheith ina:

Litir;
Grianghraf;
Cuimhneachán;
nó doiciméad nó réada eile. 

D’fhéadfadh sé a bheith curtha ar fáil go stairiúil nó d’fhéadfadh sé a bheith ina mhír, a taisceadh tríd an gClár Rogha Teagmhála reachtúil. 

Áirítear le faisnéis a bhaineann le clárú breithe mídhleathach:
na himthosca faoinar tháinig an duine ina ábhar do chlárú breithe mídhleathach

ainm an duine a rinne socruithe maidir le clárú mídhleathach breithe

Céard a deir an tAcht maidir le comhairleoireacht do dhaoine?

Soláthraíonn Cuid 63 den Acht um Eolas Breithe agus Rianaithe 2022 go dtabharfaidh Údarás Uchtála na hÉireann agus an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach cúnamh agus treoraíocht d’iarrthóirí le haghaidh taifid, an tseirbhís rianaithe agus don Chlár um Sainroghanna Teagmhála. D’fhéadfadh siad cabhair a thabhairt do dhaoine cén áit a bhfuil a dtaifid a aithint agus iad a threorú tríd an phróisis.

Soláthraíonn an reachtaíocht freisin, nuair a chláraíonn tuismitheoirí ‘rogha gan teagmháil’ go mbeidh siad curtha ar an eolas faoina cheart rochtana ar chomhairleoireacht, soláthartha leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach Tusla. D’fhéadfadh comhairleoireacht a sholáthar d’aon thuismitheoirí agus daoine ábhartha a dhéanann iarratas dó freisin.

Cad is seisiún faisnéise ann?

I gcás ina gcláraíonn tuismitheoir rogha gan teagmháil agus nach dtaifeadtar seisiún faisnéise ar an gclár rogha teagmhála, iarrfar ort freastal ar sheisiún faisnéise.
 

Ciallaíonn seisiún faisnéise cumarsáid idir tú féin agus duine ó Údarás Uchtála na hÉireann nó Tusla. Is féidir glaoch gutháin gearr, físghlaoch nó cruinniú i láthair go pearsanta a bheith i gceist, ag brath ar do rogha féin.


Le linn an tseisiúin, cuirfear ar an eolas thú faoi do theidlíocht maidir le d’eolas breithe, ceart an tuismitheora chun príobháideachta agus a mian curtha in iúl gan teagmháil a dhéanamh.

Ag cur isteach ar sheirbhís rianaithe

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar sheirbhís rianaithe?

Cad a tharlaíonn nuair a fhaightear m'iarratas?

Má mheastar go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, aistreofar é chuig an bhfoireann oibre sóisialta ábhartha de chuid Tusla nó an ÚUÉ ag brath ar cé atá i seilbh na dtaifead d’uchtú.

Cad a tharlóidh má tá cónaí orm lasmuigh d'Éirinn agus gur mhaith liom iarratas rianaithe a dhéanamh?

Má mheastar go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, aistreofar é chuig an bhfoireann oibre sóisialta ábhartha de chuid Tusla nó an ÚUÉ ag brath ar cé atá i seilbh na dtaifead d’uchtú.

Cé is féidir liom a rianú?

Is féidir leat duine nó daoine atá in aon cheann de na ceithre chatagóir seo a leanas a lorg:
- Más duine ábhartha tú, is féidir leat aon ghaol breithe a lorg.
- Más gaol breithe le duine ábhartha tú ní féidir leat ach duine ábhartha a aimsiú
- Más gaol thú leis an duine ábhartha mar gheall ar theaghlach uchtaíoch an duine ábhartha, ní féidir leat ach an duine ábhartha a aimsiú
- Más tuismitheoir uchtála thú le leanbh uchtaithe faoi 18 mbliana d’aois tráth an rianaithe, is féidir leat aon duine a lorg ar mhaithe le faisnéis thábhachtach a fháil, ar nós leighis srl. (Tá tuairimí an linbh ríthábhachtach anseo agus fianaise ar a déanfar toiliú nó comhaontú a áirithiú).

Conas a dhéantar m’iarratas rian?

Ó thús do thurais agus ag leanúint ar aghaidh ó d’iarratas, déanfaidh oibrí sóisialta d’iarratas rian a bhainistiú. Teastaíonn comhaontú agus rannpháirtíocht dheonach idir na páirtithe ábhartha chun dul i mbun an phróisis chun rian a fháil. Is próiseas atá dírithe ar an gcliant go hiomlán agus beidh rúndacht agus comhairliúchán ina chroílár i gcónaí.

Cad a tharlóidh má tá faisnéis agam cheana féin?

Má fuair tú faisnéis ó chuardach roimhe seo, go neamhspleách nó trí ghníomhaireacht uchtála, sula ndeanann tú iarratas rianaithe, cuir Tusla ar an eolas le do thoil. Chabhródh an t-eolas seo go mór le Tusla cabhrú leat le do thuras rianaithe.

Más mian liom daoine eile a lorg, tar éis dom buniarratas a thabhairt chun críche, an gá dom iarratas a dhéanamh arís?

Sea, ní mór duit iarratas a dhéanamh arís. Nuair a bheidh an tiarratas rianaithe críochnaithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun duine eile a lorg.

Tá mé ar an liosta feithimh cheana féin. An gcaithfidh mé iarratas a dhéanamh arís?

Sea, tar éis mhí Dheireadh Fómhair, beidh ort athiarratas a dhéanamh ar sheirbhís rianaithe faoin reachtaíocht nua. Ní bheidh tú faoi réir na hamanna feithimh céanna, áfach, agus coinneoidh tú do suíomh ar an liosta feithimh reatha.

An soláthraíonn Tusla DNA chun tacú le seirbhís rianaithe?

Ní sholáthraíonn Tusla tástáil DNA go rialta mar chuid d’iarratas rianaithe. I gcás nach féidir faisnéis a bhaineann leis an duine atá á lorg agat a fháil nó mura bhfuil sé ann, féadfaidh Tusla iniúchadh a dhéanamh ar thástáil DNA a úsáid chun cabhrú leat.

An gcaithfidh mé íoc as seirbhís rianaithe?

Ní hea, is SEIRBHÍS SAOR IN AISCE í seo, agus ní ghearrfaidh Tusla ná an ÚUÉ táille ort riamh ar iarratas rianaithe.

Mar chuid de rian, an roinnfidh Tusla faisnéis le seirbhísí nó le gníomhaireachtaí ainmnithe/ábhartha eile?

Sea, chun cuir tús le rian, beidh ar Tusla cuid de do chuid faisnéise a roinnt le seirbhísí nó gníomhaireachtaí ábhartha. Ní roinnfidh d’oibrí sóisialta do chuid faisnéise ach amháin chun críocha faisnéis ábhartha a fháil faoin duine atá á lorg agat. Ní roinnfidh Tusla do chuid faisnéise ach le ‘seirbhísí nó gníomhaireachtaí ainmnithe/ábhartha’ atá liostaithe faoin Acht agus lorgóidh sé do thoiliú roimh ré i gcónaí.