Léigh an Reachtaíocht
Síníodh an tAcht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022 ina dhlí an 30 Meitheamh 2022. Soláthraíonn an reachtaíocht shuntasach seo ceart rochtana iomlán agus soiléir ar theastais breithe, ar fhaisnéis bhreithe agus ar fhaisnéis luathsaoil do gach duine uchtaithe, a cuireadh ar lóistín, is ábhar do clárú breithe mídhleathach nó a bhfuil ceisteanna eile acu maidir lena mbunús. Ceadaíonn sé rochtain ar fhaisnéis do neasghaol i gcúinsí áirithe.
Bunaítear leis an dlí nua Clár Rogha Teagmhála agus seirbhís láidir rianaithe agus, chomh maith le raon beart saincheaptha nua chun dul i ngleic le saincheisteanna a thagann chun cinn do dhaoine a bhfuil tionchar ag clárú breithe mídhleathach orthu.
Tiocfaidh an reachtaíocht i bhfeidhm ar bhonn céimneach.
Ón 1 Iúil 2022
- Clár Rogha Teagmhála
- Feachtas faisnéise poiblí
- Raon leathan comhairleoireachta agus tacaíochta, saor in aisce d’iarratasóirí
Ón 3 Deireadh Fómhair 2022
- Seirbhísí iarratais faisnéise oscailte
- Osclaítear seirbhís rianaithe reachtúil do dhaoine ar mian leo teagmháil a dhéanamh, faisnéis a roinnt nó a lorg
Chun forléargas a fháil ar a bhfuil i gceist leis an reachtaíocht nua seo, féach le do thoil ar an Leabhrán Faisnéise anseo a dáileadh ar gach teaghlach ar fud na tíre.
RGCS agus an reachtaíocht
Tá an tAcht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022 laistigh de chreat an RGCS. Cosúil le RGCS déanann sé foráil maidir le rochtain ar fhaisnéis phearsanta, ach murab ionann agus an RGCS déanann sé foráil do rochtain ráthaithe agus gan folaigh ar an tsraith faisnéise atá clúdaithe ag an reachtaíocht seo. Cliceáil thíos le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil ar RGCS agus ar an reachtaíocht
Treoirlínte Eolas Breithe agus Rianaithe.
Tá treoirlínte ullmhaithe chun treoir mhionsonraithe ón Aire a sholáthar ar oibriú na seirbhísí, agus chun míniú ‘Béarla soiléir’ agus soláimhsithe a sholáthar ar an reachtaíocht, cé nach airbheartaíonn siad gur léirmhíniú dlíthiúil iad.