Skip to main content

Déan iarratas ar sheirbhís rianaithe

Má tá tú gníomhach ag iarraidh gaol breithe a aimsiú agus teagmháil a dhéanamh leis, tá seirbhís rianaithe ar fáil duit. Is féidir leis an tSeirbhís Rianaithe cabhrú le faisnéis a roinnt agus tacaíocht a thabhairt do leibhéal teagmhála (más ann dó) a bhfuil tú féin agus an duine a bhfuil tú ag lorg compordach leis.

Cé ar féidir leis iarratas a dhéanamh ar sheirbhís rianaithe?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís rianaithe más duine thú i gceann de na trí chatagóir seo a leanas:

1. “duine ábhartha”

- má uchtáladh thú in Éirinn agus go bhfuil tú os cionn 18 mbliana d’aois

- má rugadh in Éirinn thú ach uchtaithe lasmuigh den stát thú

- má bhí tú i áras máithreacha agus naíonán, teach contae nó institiúid

-Má bhí tú cláraithe go neamhdhleathach

- Má tá amhras ort go raibh tú cláraithe go neamhdhleathach

- Dá gcuirfí ar lóistín nó ar altranas thú


2. Gaol breithe le duine ábhartha


3. Gaol


*Is é duine ábhartha an téarma a úsáidtear sa reachtaíocht chun cur síos a dhéanamh ar dhaoine ar féidir leo iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis..

Conas a dhéanaim iarratas ar sheirbhís rianaithe?

Seirbhís Rianaithe Baile

Is é comhlánú an iarratais ar líne an bealach is tapúla agus is sláine chun iarratas a dhéanamh. Déanfaidh Tusla measúnú ar d’iarratas rianaithe ar dtús agus ansin déanfaidh Tusla nó Údarás Uchtála na hÉireann an rian, ag brath ar an áit ina bhfuil do thaifid.

Seribhís Rianaithe Idir Tíortha

Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin ar rianú i ndáil le huchtú idirnáisiúnta go díreach chuig Údarás Uchtála na hÉireann trí chliceáil ar an nasc chuig an bhfoirm ar líne thíos.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin tseirbhís rianaithe, athbhreithnigh ár gCeisteanna Coitianta

Má theastaíonn cúnamh uait le d’fhoirm iarratais a chomhlánú, déan teagmháil le do thoil leis an tUdaras Uchtala na hEireann ar 01 2309 300 nó Tusla ar 1800 44 55 00 

Más fearr leat oibriú ar pháipéar, is féidir leat an fhoirm a íoslódáil fós, í a phriontáil agus í a sheoladh ar ais chuig Tusla leis an bpost chuig:

 Ionad Tacaíochta Teagmhála um Fhaisnéis agus Rianú Breithe Tusla, 

Bosca Poist 13018, 

Baile Átha Cliath 15 

Éire.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir iarratais ar rianú idirnáisiúnta a chomhlánú ach ar líne trí Údarás Uchtála na hÉireann.