Faigh rochtain ar mo chuid faisnéise breithe
Chuid faisnéise breithe agus luathsaoil
Má bhí tú uchtaithe, ar lóistín, faoi réir chlárú breithe mídhleathach (nó má tá amhras ort go raibh tú) nó má chaith tú am i Áras Máithreacha agus Naíonán nó Teach Contae mar leanbh, soláthraíonn an tAcht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe rochtain shoiléir ráthaithe duit chuig faisnéis agus taifid faoi do bhreith agus faoi do luathshaol, nuair a bhfuil an t-eolas seo ar fáil
Cá gcoiméadtar mo thaifid?
Tá go leor cumann, institiúidí, nó gníomhaireachtaí a raibh taifid ina seilbh san am atá caite ar dhaoine uchtaithe, daoine a cuireadh ar lóistín nó a ndearnadh altranas orthu, ar cláraíodh a mbreith go neamhdhleathach, nó a raibh cónaí orthu i áras máithreacha agus naíonán mar leanbh, dúnta ó shin
Ag an am dúnta, aistríodh taifid a bhí ar fáil chuig an ÚUÉ nó chuig Tusla lena gcoimeád slán. Déan athbhreithniú ar liosta na gcumann, na n-institiúidí agus na ngníomhaireachtaí thíos. Má tá a fhios agat cheana féin cé aige a bhfuil do chuid faisnéise is féidir leat ceann amháin nó an dá nasc thíos a leanúint chun iarratas a dhéanamh.
Conas a dhéanaim iarratas ar m'eolas?
Toisc gur eagraíochtaí ar leith iad an tÚdarás Uchtála agus Tusla (rialaitheoirí sonraí) a bhfuil freagrachtaí ar leith orthu a chinntiú go bhfanann d’fhaisnéis phearsanta (sonraí) slán. Ar an ábhar sin beidh ort iarratas a dhéanamh chuig ceann amháin, nó chuig an dá cheann, ag brath ar an ngníomhaireacht a bhfuil na taifid a bhfuil tú ag lorg rochtana orthu.
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh go mbeadh an fhaisnéis agus na taifid atá á lorg agat ag Tusla agus ag an Údarás Uchtála araon agus, sna cásanna sin, beidh ort iarratas ar leith a dhéanamh chuig gach eagraíocht chun a fháil amach cén fhaisnéis atá ann.
Cén cineál faisnéise a d’fhéadfadh a bheith ar fáil?
Beidh an fhaisnéis atá ar fáil éagsúil ó dhuine go duine, ag brath ar chineál, ar cháilíocht agus ar líon na dtaifead atá i seilbh Údarás Uchtála na hÉireann nó Tusla. I gcás roinnt daoine, d’fhéadfadh sé go gciallódh sé seo go bhfuil taifid mhionsonraithe ar fáil, agus ar an drochuair d’fhéadfadh sé nach mbeadh mórán faisnéise ar fáil, nó nach mbeidh faisnéis ar bith, do dhaoine eile.
Cinntíonn an tAcht go bhfaighidh tú rochtain neamhshrianta ar an bhfaisnéis seo a leanas go léir, nuair atá sé ar fáil:
Faisnéis Breithe (lena n-áirítear Teastas Breithe)
D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i dTeastas Breithe agus Eolas Breithe:
- Dáta, áit agus am breithe an duine.
- Gnéas sannta an duine
- Céadainm(neacha) agus sloinne an duine.
- An céadainm(neacha), sloinne, sloinne breithe, seoladh, slí bheatha, dáta breithe, agus más infheidhme, iarsloinne mháthair an duine, agus sloinne breithe mháthar an mháthar.
- An céadainm(neacha), sloinne, sloinne breithe, seoladh, slí bheatha, dáta breithe, agus más infheidhme, iarsloinne athair an duine, agus sloinne breithe mháthar an athar.
- Grianghraf de thuismitheoir
Eolas Cúraim
I gcás ina raibh an duine faoi chúram an Stáit, nó faoi chúram arna shocrú ag an Stát, mar shampla cé a d’eagraigh é, cá háit agus cathain a tharla sé.
Ainm an duine a thug aire don duine ábhartha mar chuid de shocrú cúraim. D’fhéadfadh go gcuimseodh sé seo.
- Ainm an duine atá i bhfeighil institiúid nó mar cuid d'institiúid;
- Ainm duine dár cuireadh duine ar lóistín nó ar altraí dó;
- Ainm na dtuismitheoirí cúram altrama a thug leanbh ar altram sular uchtaithe iad.
- An láthair inar cuireadh an cúram sin ar fáil;
- An fad ama ar tugadh aire don duine in áit ar leith;
- Ainm aon duine a shocraigh go ndéanfaí an duine ábhartha a chur ar altranas nó a chur ar lóistín, sular uchtaigh nó sular chónaigh sé i institiúid.
Faisnéis Luathsaoil
- . Cá raibh cónaí air nó uirthi, agus cad iad na dátaí.
- Faisnéis ar a mbaisteadh, nó ar aon searmanas spioradálta nó reiligiúnach eile cosúil, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do:
(a) Dáta agus ionad an tsearmanais
(b) Teastas baiste (nó doiciméad coibhéiseach i leith searmanais eile)
(c) Taifead i gclár baiste (nó doiciméad coibhéiseach i leith searmanais eile)
- A meáchan breithe.
- Grianghraf den duine.
- Eolas ar a sláinte, a bhforbairt fhisiciúil nó mhothúchánach.
- Eolas ar aon chóireálacha leighis, gnáthamh nó vacsaíní.
- Eolas ar cé chomh fada agus a d'fhan a mháthair bhreithe leis nó léi san áit chónaithe chéanna.
- Faisnéis maidir le cibé ar fhág an duine agus a mháthair bhreithe a gcéad áit chónaithe (m.sh. Áras Máithreacha agus Naíonán) ina n-aonar nó le chéile.
- Faisnéis faoi chuairteanna, faoi chumarsáid, nó faoi ghortuithe ó dhuine ar bith, lena n-áirítear an gaol leis an duine agus a (h)ainm nuair atá sé ar fáil.
- vFaisnéis maidir le cibé an ndearnadh socruithe maidir le huchtáil, lena n-áirítear ainm an duine a rinne an socrú.
- Faisnéis i dtaobh ar tharla uchtáil, lena n-áirítear ainm gach tuismitheoir uchtála.
Eolas Leighis
Aon fhaisnéis a bhaineann le stair liachta an duine féin, lena n-áirítear vacsaínithe a tugadh nó faisnéis faoi thrialacha vacsaínithe
Eolas Leighis maidir le gaol géiniteach
Ciallaíonn faisnéis atá laistigh de thaifid, nuair:
- má bhaineann an fhaisnéis le riocht míochaine géiniteach nó oidhreachta, agus.
- atá ábhartha chun sláinte an duine ábhartha a chothabháil.
Faisnéis um Chlárú Breithe Neamhdhleathach
Faisnéis maidir le duine atá nó a bhí faoi réir ag clárú breithe mídhleathach (nó duine a bhfuil amhras ann go raibh sé nó sí).
- na cúinsí faoinar tháinig an duine ina ábhar do chlárú breithe mídhleathach.
- ainm an duine a rinne socruithe maidir le clárú mídhleathach breithe.
Earraí ar fáil
Aon earra atá i seilbh na Gníomhaireachta nó an Údaráis, a sholáthair tuismitheoir, cúramóir nó ball eile den teaghlach ábhartha.
D'fhéadfadh an earra a bheith ina:
- Litir
- Grianghraf
- Cuimhneachán; nó
- doiciméad nó rud eile
D'fhéadfadh sé a bheith curtha ar fáil go stairiúil nó d'fhéadfadh sé a bheith earra, a taisceadh tríd an gClár Rogha Teagmhála reachtúil.
Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin?
Nuair a ghlactar le d’iarratas gheobhaidh tú admháil. Sula n-eiseofar an t-eolas breithe seiceálfar an clár rogha teagmhála chun a dheimhniú an bhfuil tosaíocht do theagmháil nó a bhfuill gan teagmháil cláraithe leat. Cuirfear aon sainroghanna a aimsítear in iúl duit tráth eisithe na faisnéise. Sa chás gur fearr leat gan aon teagmháil a chlárú, beidh ort dul i mbun seisiún faisnéise sula scaoiltear an fhaisnéis. Tá tuilleadh sonraí ar cad is brí le seisiún faisnéise le fáil inár gCeisteanna Coitianta.
Ní choiscfidh rogha gan teagmhála do chuid faisnéise a scaoileadh chugat nuair a bheidh an próiseas seo críochnaithe.
Gheobhaidh formhór na ndaoine a gcuid faisnéise laistigh de mhí amháin, ach i gcásanna áirithe féadfaidh sé suas le trí mhí a ghlacadh.
Cad a tharlóidh má theastaíonn tuilleadh cabhair uaim?
Má tá athbhreithniú déanta agat ar an liosta agus mura bhfuil tú cinnte fós cén eagraíocht ar gá duit iarratas a dhéanamh chuici, mholfaimis duit iarratas a dhéanamh ar an dá cheann.
Má tá aon deacracht agat ceachtar den dá fhoirm a chomhlánú, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Uchtála nó le Tusla, ag baint úsáide as na roghanna thíos, agus beidh siad sásta cabhrú leat.